7. Ba é mian croí m'athar Dáiví teach a thógáil d'ainm an Tiarna, Dia Iosrael.
8. Ach dúirt an Tiarna le Dáiví m'athair: ‘Is é mian do chroí teach a thógáil do m'ainm, agus is maith uait sin;
9. ach mar sin féin ní tú an té a thógfaidh an teach; sé do mhac, an té a ghinfear ó d'fheoil féin, a thógfaidh an teach do m'ainm.’
10. Chomhlíon an Tiarna an gealltanas a thug sé; tháinig mise i gcomharbacht ar m'athair Dáiví agus táim i mo shuí i ríchathaoir Iosrael faoi mar a gheall an Tiarna; tá an teach tógtha agam don Tiarna, Dia Iosrael,
11. agus tá ionad déanta agam ann don áirc ina bhfuil an conradh a rinne an Tiarna le clann Iosrael.”
12. Ansin, i láthair chomhthionól Iosrael go léir, sheas Solamh os comhair altóir an Tiarna, agus shín sé a lámha uaidh amach.
13. Bhí léibheann cré-umha déanta ag Solamh agus é leagtha i lár na cúirte aige; bhí sé cúig bhanlámh ar fhad, cúig bhanlárnh ar leithead, trí bhanlámh ar airde, agus leag sé sa chúirt é; agus ghabh sé in airde air; ansin chuaigh sé ar a ghlúine i láthair chomhthionól Iosrael go léir agus shín sé a lámha i dtreo na bhflaitheas
14. agus dúirt: “A Thiarna, a Dhia Iosrael, níl aon Dia cosúil leatsa ar neamh thuas ná ar talamh thíos; tá tú dílis do do chonradh agus cineálta le do shearbhóntaí nuair a chloíonn siad le do chosán le hiomlán a gcroí.
15. Chomhlíon tú an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví, m'athair; gach ar gheall tú ó bhéal, chuir tú i ngníomh ó láimh inniu.
16. Agus anois, a Thiarna, a Dhia Iosrael, coinnigh an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví á rá: ‘Ní bheidh tú choíche gan fear le suí os mo chomhair i ríchathaoir Iosrael, ar choinníoll go dtabharfaidh do chlann mhac aire dá n‑iompar agus siúl ar chosán mo dhlí mar a rinne tusa féin os mo chomhair.’
17. Comhlíon más ea anois, a Thiarna, Dia Iosrael, na focail a labhair tú le do shearbhónta Dáiví m'athair.
18. Ach an ndéanfaidh Dia cónaí dáiríre i measc an chine dhaonna ar talamh? Mhuise ní féidir leis na flaithis féin ná lena bhflaithis siúd arís thú a choinneáil. Nach lúide mar sin is féidir leis an teach seo atá tógtha agamsa?
19. Ach éist le hurnaí agus le himpí do shearbhónta, a Thiarna mo Dhia; tabhair cluas don ghlaoch agus don ghuí a chuireann do shearbhónta suas chugat.
20. De lá agus d'oíche bíodh do shúile ag tabhairt aire don teach seo, an áit seo inar gheall tú a dhéanfá teach do d'ainm. Éist leis an nguí a dhéanfaidh do shearbhónta san áit seo.
21. Éist le hachainíocha do shearbhónta agus do phobail Iosrael nuair a ghuíonn siad san áit seo. Sea, éist leo ó d'áras ar neamh, agus nuair a éistfidh tú tabhair maithiúnas!
22. “Má pheacaíonn duine in aghaidh a chomharsan agus go [nglaonn] an chomharsa mallacht sa mhullach air, agus go gcuireann sé iallach air mionn a thabhairt os comhair d'altóra sa Teampall seo,