Ansin thug siad isteach na bronntanais, na deachúna agus nithe coisricthe le coimeád in áit shábháilte. Ba é an Léivíteach Cónainiá an feidhmeannach a bhí i gceannas orthu, agus Simeí, a dheartháir, sa dara háit.