20. D'éirigh siad go moch ar maidin agus d'imigh siad leo go fásach Theacóá. Ag cur chun bealaigh dóibh sheas Iahóiseáfát ansiúd agus dúirt: “Éistigí liom a fheara Iúdá, sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim! Bíodh muinín agaibh sa Tiarna bhur nDia agus ní baol daoibh. Bíodh muinín agaibh ina fháithe agus beidh an lá libh.”
21. Chuaigh sé i gcomhairle leis an bpobal ansin agus chuir sé cantairí an Tiarna, ina n‑éidí beannaithe, ag ceann an tslua lena mholtaí a chanadh, agus á rá: “Molaigí an Tiarna, mar maireann a bhuanghrá de shíor.”
22. Nuair a chrom siad ar a laoithe mórtha agus molta, rinne an Tiarna luíochán ar fhir Amón agus Mhóáb agus Shliabh Shaeír a bhí tagtha chun Iúdá a ionsaí, agus cuireadh an teitheadh orthu.
23. Thug fir Amón agus Mhóáb fogha faoi mhuintir Shliabh Shaeír lena scriosadh faoin mbang, ach ní dhearnadar ach cuidiú le díthiú a chéile, nuair a bhí muintir Shaeír scriosta acu.
24. Nuair a shroich muintir Iúdá an áit óna bhfuil radharc ar an bhfásach agus gur thug siad aghaidh ar an mathshlua, féach, ní raibh ach corpáin gan anam sínte ar an talamh; níor fágadh fear inste scéil.
25. Tháinig Iahóiseáfát ansin agus a shluaite lena gcreachadh agus fuair siad mórchuid eallaigh agus maoine agus éadaí agus seod; bhailíodar thar mar ab fhéidir leo a bhreith leo; bhí an chreach chomh mór sin go rabhadar trí lá á cruinniú.
26. Ar an gceathrú lá thionóil siad i nGleann na Beannachta mar ar bheannaíodar an Tiarna go dearfa; uime sin atá an t‑ainm Gleann na Beannachta á thabhairt ar an áit go dtí inniu féin.
27. Ansin d'fhill muintir Iúdá agus Bhiniáimin go léir, faoi cheannas Iahóiseáfát, ar ais go Iarúsailéim faoi lúcháir; óir bhí ábhar lúcháire faoina naimhde faighte acu ón Tiarna.
28. Thángadar go Iarúsailéim, agus go Teampall an Tiarna, le ceol cláirsí agus cruite agus stoic;
29. agus tháinig eagla Dé ar ríochtaí uile na dtíortha iasachta nuair a chuala siad conas mar a throid an Tiarna in aghaidh naimhde Iosrael.
30. Bhí ríocht Iahóiseáfát faoi shíocháin mar gur thug a Dhia síocháin dó ar a theorainneacha uile máguaird.
31. Sin mar a bhí ag Iahóiseáfát i gcoróin Iúdá. Bhí sé cúig bliana déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana fichead i réim in Iarúsailéim. Azúbá iníon Shilchí ab ainm dá mháthair.
32. Lean sé sampla a athar Ásá gach cor den bhóthar ag déanamh an chirt i bhfianaise an Tiarna.
33. Ach níor scriosadh fós na hardionaid, agus ní raibh a gcroí fós dírithe ag an bpobal ar Dhia a sinsear.
34. An chuid eile de stair Iahóiseáfát, ó thús deireadh, nach bhfuil sé scríofa in Annála Iéahú mac Hanáiní atá cóipeáilte i Leabhar Ríthe Iosrael.
35. Ina dhiaidh sin rinne Iahóiseáfát rí Iúdá conradh le hAchaizíá rí Iosrael, a chuir ar bhóthar a aimhleasa é.
36. Rinne sé comhar leis ag tógáil long le dul go Tairsís agus thóg siad na longa in Eizión Geibir.
37. Rinne Eilíeizir mac Dhódaváhú ó Mháraeiseá tairngreacht in aghaidh Iahóiseáfát á rá: “De bhrí go ndearna tú conradh le hAchaizíá,” ar sé, “tá do shaothar millte ag an Tiarna.” Scriosadh na longa agus níor éirígh leo riamh seoladh go Tairsís.