9. Ach rinne Sól agus an pobal anacal ar Agag agus ar thogha na gcaorach agus an eallaigh, na mart ramhar agus na n‑uan, agus gach rud fónta; níorbh áil leis iadsan a chur faoin mbang; níor chuireadar faoin mbang ach gach suarachán agus gach truán.
10. Tháinig briathar an Tiarna go Samúéil:
11. “Is aithreach liom go ndearna mé rí de Shól, óir thug sé droim liom, agus d'fhág mo lorg, agus rinne faillí i m'orduithe.” Tháinig suaitheadh mór ar Shamúéil agus chaith sé an oíche ar fad ag glaoch chun an Tiarna.
12. Chuaigh Samúéil amach ar maidin go moch le bualadh le Sól; fuair Samúéil scéala go raibh sé imithe go Cairmeil chun leacht a thógáil dó féin, agus gur chas agus gur ghabh sé ar aghaidh as sin síos go Gilgeál.
13. Nuair a tháinig Samúéil mar a raibh Sól dúirt Sól leis: “Go raibh beannacht ort faoin Tiarna! Chomhlíon mé orduithe an Tiarna.”
14. Ach d'fhreagair Samúéil: “Céard is ciall más ea leis an méileach caorach seo i mo chluasa agus an bhúireach damh seo i m'éisteacht?”
15. “Thugadar leo iad ó na hAmáiléicigh,” arsa Sól, “mar go ndearna an pobal anacal ar thogha na gcaorach agus na ndamh lena n‑ofráil don Tiarna, do Dhia-sa; chuireamar an chuid eile faoin mbang.”
16. Ansin dúirt Samúéil le Sól: “Fan! Inseoidh mé duit cad a dúirt an Tiarna liom aréir.” “Abair leat,” ar seisean.
17. Dúirt Samúéil: “Bíodh gur beag an meas atá agat ort féin nach bhfuil tú i do cheann ar threibheanna Iosrael? Rinne an Tiarna thú a ungadh i do rí ar Iosrael