3. faoina raibh déanta acu i dtír na Spáinne le seilbh a fháil ar na mianaigh airgid agus óir ansiúd;
4. conas mar a fuair siad smacht ar an dúiche go léir le neart pleanála agus foighne, d'ainneoin a fhad ó bhaile uathu; conas mar a tháinig ríthe ó imill na cruinne le hiad a ionsaí, agus gur cheansaigh agus gur chloígh siad iad agus gur bhris orthu go tubaisteach, agus conas mar a bhí an chuid eile ag díol cánach leo gach bliain.
5. Pilib agus Peirséas, rí na gCitím, agus daoine eile a d'éirigh amach ina gcoinne, bhris siad orthu ar pháirc an chatha agus chuir faoi chois iad.
6. Chloígh siad freisin Aintíochas Mór, rí na hÁise, a chuir cath orthu le céad agus a fiche eilifint, le marcshlua agus le harm an-láidir; bhasc siad é.
7. Ghabh siad ina bheatha é, agus d'ordaigh go ndéanfadh sé féin agus a chomharbaí cáin throm a dhíol, gialla a thabhairt,
8. agus cuid de thogha a gcúigí, an Ind, an Mhéide agus Lidia a ghéilleadh dóibh. Thóg siad uaidh iad agus thug iad don rí Eomanaes.
9. Insíodh dó conas mar a bheartaigh na Gréagaigh dul ina gcoinne agus iad a scriosadh,
10. ach go bhfuair [na Rómhánaigh] gaoth an fhocail, agus gur chuir siad aon cheannasaí amháin ina gcoinne agus chuir cogadh orthu; go ndearna siad ár agus eirleach orthu agus gur ghabh siad a mná agus a leanaí ina mbránna, gur chreach siad a maoin, gur chuir a dtír faoi chois, gur leag a ndaingin ar lár, agus gur chuir faoi chuing na daoirse iad go dtí an lá inniu féin.
11. Na ríochtaí agus na hoileáin eile, aon chuid díobh a chuir riamh ina gcoinne, rinne siad iad a scrios agus a chur faoi dhaoirse.