1. Tháinig Alastar na Macadóine mac Philib ó thír Chitím agus bhris sé ar Dháire rí na bPeirseach agus na Méideach, agus tháinig sé i gcoróin ina dhiaidh, ar dtús sa Ghréig Mhór.
2. Is iomaí cogadh a d'fhear sé agus dún a ghabh sé; agus chuir sé ríthe na ndúichí chun báis.
3. Ghabh sé ar aghaidh go himill na cruinne agus chreach sé na náisiúin ceann ar cheann; thit tost ar an domhan roimhe agus bhorr a chroí uallach le teann díomais.
4. Bhailigh sé arm tréan cumhachtach, chuir cúigí, náisiúin, agus prionsaí faoi chois agus chuir faoina ghéillsine iad.
5. Ach tháinig an lá nuair a thug Alastar an leaba air féin, agus a fhios aige go raibh an bás chuige.
6. Chuir sé fios ar chompánaigh, uaisle a oileadh in éineacht leis óna óige, agus roinn sé a ríocht orthu fad bhí sé fós beo.
7. Bhí Alastar dhá bhliain déag i réim nuair a d'éag sé.
8. Chuir gach duine dá chompánaigh bun air féin ina dhúiche féin.
9. Ghabh gach duine díobh coróin chuige féin tar éis a bháis, rud a rinne a gclann mhac freisin ina ndiaidh ar feadh mórán blianta; agus thug siad a lán urchóidí ar an talamh.
10. D'eascair géag pheacúil uathu, Aintíochas Eipifeanaes, mac Aintíochas rí. Ba ghiall eisean sa Róimh trá.
11. Tháinig sé i gcoróin sa tseachtú bliain ar thríocha ar chéad de fhlaitheas na nGréagach. Um an dtaca sin bhorr dream coirpeach in Iosrael agus chuir siad a lán daoine ar seachrán. “Téanam,” a deiridís, “tagaimis chun réitigh leis na págánaigh atá inár dtimpeall, óir is iomaí mí-ádh a casadh orainn ó scaramar leo.”