Ansin dúirt Ornán le Dáiví: “Tóg é, agus déanadh mo thiarna, an rí, mar is áil leis. Seo duit na daimh don íobairt uileloiscthe, na súistí mar adhmad, agus an chruithneacht mar abhlann. Bídís go léir agat.”